Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0212

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0212

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. lad so ná neithe a choinnghibheann tigh duine ina suidhe sé sin,
    bean tighe théagartha, giolla treabhadh tairise, láir bheir-
    eathais agus cráin fé arca.
    lad so mar an gcéadna na cheithre neithe threasgaruigheann
    tigh - bean ainmhianach íotamhail, clann dearóil do-
    thógbhála, capall fáin foghlach agus giolla gann ghalarach.
    Ag só an t-aon nídh a mhilleann gach tigh, - muinntir
    mhórmhuirearach mhíodthabharthach. Ag sa an t-aon nídh a
    choinnghibheann tigh duine sióthchánta .i.. muinntir uamhal uathadh.
    Thrí beithi gach tighe .i. laoigh agus leinbh agus seandaoine
    seanga slána. An aoncheard is treise ná gach
    ealadha .i. an treabhracht.
    An t-aon duine dár fearr tharbha a chlainne .i. an
    mac óg-laoch, óir ná beirtear clann do go h-óg agus
    iad ag eirighe i n-aoinfheacht leis féin is fearr do iad.
    ná mhuinntir choimtheach.
    Agus an t-aon duine dara measa thairbhe a chlainne -
    duine ealadhan óir bith biadh agus éadach a chlainne air
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    6 Bealtaine 1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir