Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 424

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 424

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    424
    "Is cadé bhúr gcúis ar a bhfear Muar breágh
    so, "ach ochón, "s im boch ochón!
    Mar deir siad gurb é íosa é is go bhfuil
    aige na grásta, óch ochón, "s im boch ocó)
    D’árduíodar leó é ar a ngluailnibh go
    h-árd é, och ocón, ’s im’ boch ochón)
    Is do chaitheadar anuas ’n-a chuailín cnámh
    é, boch ochón, ’s im’ boch ochón!
    "ó do chaitheadar na seillí is chuireadar chulai
    an amadháin air, och ochón, ’s im’ boch ocón."
    is glaodhaig ar na trí mhuire chúgham go
    gcaoinfidh siad a ghrádh geal, och othón, "s im’ boch.
    Do tháinig na trí Mhuire is do chaoíneadar
    go h-árd é, och ocón, "is im’ boch ochón!"
    Ghaodhaig ar a’ Maighdean mhuire chúgham go
    gcaoínfidh sí a grádh geal, och ochón, "s im’ boch ochon
    Tháinig a’ maighdean mhuire ciad moladh go
    bráth léi, och ochón, ’s im’ boch ochón.
    "Á ceann ar silleadh léi ’is a chosa gan nádabh
    och ochón, "s im’ boch ochón?"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir