Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 Nollaig 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)392
a chínn errthi agus í ’n-a leanbh tímpal dhá bhliadhain
go-leithe. Do thóg a’ slabhra iarainn - slabhra
iarainn a b’eadh é seo agus bálthaí muara
tróma air - do thóg sé úiste i n-áirde ar
mhullach a chínn agus níor gheárr sé i n-ao’ chor
í is níor tháinig aon bhraon fola ach do
théinnig sé i gcionn mí nó tímpal aimsire
mar sin agus do théinnig sé go tinn diachrach
aí dó chuireadh plástar leis i má chuireadh
ní raibh sé a’ cneasúghadh í é a’ silleadh go
dtí gur mó bhí sé a’ dul chun caithim. Do
tógadh í go dtí dochtúir a bhí i gCathair
Shaidhbhín go dtugaidís Dochtuir Sportol
air is bhí sé ráidhte gurb é a b’fheárr a
bhí é south Rerry ná b’fhéidir fuínn - ní
raibh a bhelléi i n-ao’ bhull. Thug sé sin
trí mhí a’ gabháil di agus má thug is mó bhí
sí a’ dul chun caithimh agus chun teinníocht agus
tógadh uaidh sin agus tugadh chun dochtúir a
bhí ar a’ gCoirreán i go dtugaidís Dochtúi
"Hancínn air. Bhí sé sin a’ gabhail di ar
feadh cupla mí eile agus caitheadh a’ máthair i
dhreasáil dá uair sa ló agus do b’fhusa léi(continues on next page)