Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a’ dorus, is oscladh dóibh - d’oscáil bean a’ tíghe,
bean an fhir oibre, dhóibh. Isteach leó agus isteach
leis a’ ngadhar. Máiseadh, d’imthigh sé air agus do
dheaghaidh sé isteach sa leabaidh a’ triall ar a’ bhfear oibre agus do thóg sé aniar chúcha é. Seadh! stopadar é - an gadhar - annsan is tháinig sé
amach as a’ leabaidh. Pé fiachaint a dhin a’ ceann thairis annsan do chonnaic sé an t-airgead ar bhosca bhí i n-aice na leaptha agus chóimhrimh sé an t-airgead is chuir sé ’n-a phóca é. Seadh, ghabhadar suas é annsan is dócha is thugadar - bheireadar leó é agus thángadar annsan iad féin is a’ gadhar chun - go tig an fheirmeóra - bhí sé ’n-a lá an uair sin ar maidin, agus dhúisíodar (an) cailín agus
d’fhiafruíodar di cá raibh a h-athair. Dubhairt sí gur
dheaghaidh sé a’ díol a’ chíosa leis a’ máighistir gur imthigh sé i ndeire na h-oidhche. "An muar
an cíos a bhí air?" arsa’ ceann. ’nis sí dho. Bhí sé ’n-a phóca aige sin - bhí'os aige é. Seadh!
"Tá sé bascaidhthe," dubhradar, " 'n-a leithéid seo d’áit agus bhí sé chómh maith againn an capall a bhreith linn is é thabhairt abhaile," adubhradar.
Seadh! bheireadar is thugadar abhaile é. D’imthigh(leanann ar an chéad leathanach eile)