Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)353
mar a bheadh sí ar neidín is bhíodar a’ dul
’n-a?" athantas annsan is bhíos aici go n-ái-
mseóch sí í. Seadh, d'aimsígheadar is nuair
a dheagadar isteach sa pharóiste, aonne
bhíodh ag obair ar dhá thaobh a bhóthar,
d’aithnighdís a’ capall is í féinig, theichidís
is teicheadh na daoine as a’ mbóthar uatha,
mar bhí sí féin ’is a’ capall cúrtha le fada.
"Seadh, bhíodar a’ cur díobh go dtángadar sa
sa t-sráid is bhí seana aithne sa t-sráid orrtha
annsan - errthi féin is ar a’ gcapall. Dúnadh
na dóirse orrtha is na h-aonní, agus bhí tig
go mbídís a’ deighleáil - a’ tógaint phiontain
is a’ tógaint na h-aonní oilfeadh dóibh sa
t-sráidh, is dheaghadar go dtí na dhorus san
is bhí sé boultála chom maith le tig eile; ach
bhí sí a’ glaodhach orrtha annsan is chuir fear
a’ tíghe a cheann amach sa bhfinneóig i n-áirde
fsé léi imbás gur chailleadh í fudó is f
7
sí nár cailleadh ná fós í, oscailt di. Seadh
tháinig sé anuas is d’oscail sé an dorus.
"Dheagadar isteach. "Ní fiachann tú," fh fear
a’ tíghe, "go bhfuairis bás i n-ao’ chor."(leanann ar an chéad leathanach eile)