Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 292

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 292

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ós níor stadamair do’n scríb sin
    Chun gur dheaghas go h-Ínse an Ghímleach,
    Ná cailíní do mhíll me san oidhche 'gus mé ar fán.
    "S a’ cailín úd do stol mo bhríste
    'Gus mo gheailisí gur scaoíl sí
    agus nídh nár mhaith liom ínnsint,
    Mar a bhfuair sí siúd ó chroidhe é.,
    Ní fíor piuc ó Sheán, (ha! ha! há!)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí bráthair mar sin fudó an - bráithre - agus do chuireadh fios ar dhuine ’ca - chuir a’ Pápa
    fios ar dhuine ’ca Dé Dhomhnaig tacht chuige Dé Luain. Seadh! níor tháinig sé dé Luain a’s chuaidh sé go dtí é Dé Máirt. D’fhiafraigh sé dhe chad a chinnibh dé Luain é. Dubhairt sé gur mhaith leis é féin a bhearradh agus nár mhaith leis lomadh an Luain a bheith air féinig. Seadh! d’imthigh an Pápa agus thug sé leis seacht cínn d’uíbh a’s leog sé ar aghaidh a’
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta—tíopaí gaolmhara
    AT0756B: The Devil's Contract
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir