Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    216
    agu do chuir sé baighte deas ann, dar leis féin.
    ná beadh ao’ mhoíll ar a’ mada ruadh chómh
    luath is chífeadh sé é chun sádh ann. N’fheaca
    sé aon mhada ruadh g níor tháinig sé tímpal
    go dtí go dtáinig an oidhche agus nuair a tháinig
    an oidhche do chaith sé imtheacht i dul abhaile,
    agus do tháinig sé arís amáineach san am go
    raibh sé oiliúnach air, agus ní raibh aon ruaine
    de’n bhaighte chuir sé sa trap roimis ach a’
    trap leagaidhthe agus staich chloiche caithte anuas
    air. Cheap sé annsan gur duin’ éigineach a
    dhin - nách aon - níor chuimhnimh sé riamh gur
    mada ruadh dhianfadh é ach gur cheap sé gur
    eaa éigineach a ghoibh a’ t-slíghe agus do dhin é.
    d’fhair sé annsan arís amáireach é agus b’é
    an scial ciadna, do chuir sé é agus chuir sé baighthe
    mai ana- mhianaíghe ná san sa trap an tara
    n-uair. Níor thanig aon mhadna fé ’n-a dhéin
    an tráthnóna san ná go tamall - uair a chloig
    t’réis na h-oidhche ’thuitim, agus d’imthigh sé abhaile
    nuair a chuaidh sé chun dinaíghe agus do tháinig
    sé arís amáireach agus bhí sé leagaidhthe roimis
    ag cloch caithte arís un. Chuir sé arís é agu
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0067**: Fox Caught by Butcher
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir