Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 074

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 074

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Agus leabhar na marbh go léighfinn
    le taithneamh do’n Lady Iveagh.
    'S ní chloisim ceól lachan ná gé ann
    Ná fiolar ag éighimh cois cuain,
    Ná fiú na mbeach ann chun saothair,
    Thugadh míl agus céir do’n t-sluagh.
    Tá ceól bínn mílis ná n-éan ann,
    Ó lé h-amharc an laé bhreith uainn
    Ó’s tá an cuaichin ar búrraí na gcraobh ann
    Do chuirfeadh an saoghal chun suain.
    Ó’s tá smuit a’ titim ar ghéagaibh.
    Ná tríomuíonn a’ ghaoth ná an lá,
    Tá ceó ’gus scamaill ó’n spéir ann
    Agus gainnimh ’á shéide ar tráig.
    Níl coll, níl cuileann, níl craobh ann.
    Ach clocha ’gus maol thúrtáin,
    Ó's tá páirc a’ phaddock ’á raobadh
    'Gus d’imthig ár ngéim chun fáin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.