Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    annsan beagán eile laéthannta agus chuir a’ t-athair i bhfís errthi, ar seisean léi an miar a thusáint do. Do dhiúlthaig sí dho ach do rug sé errthi agus do bhuin sé an ceart d’á méir agus chonnaic sé an fáinne.
    "Seadh ’nois, mo chailín maith," ar seisean, "sin ar chuir do mháthair de mhoill orm-sa chun pósta, bean ’fhághailt go mbeadh a’ fáinne oiliúnach di agus caithfir-se me ’phósadh anois". Seadh, do chroum sí
    ar ghol agus do bhí sí a’ briseadh a croídhe agus nuair
    a chuaidh sí a chodla istoidhche ní h-a’ codla bhí sí ach fáin ag gol agus bhí sé a briseadh a croidhe ar fad nuair ná fiadtach sí dul amach ad iarraidh ná cloisfeadh a’ t-athair í. Ach i ndeire na h-oidhche amach do labhair guth léi agus ’sé an nídh
    a dubhairt a’ guth, "níos túisce ná ’phósfainn-se m’athair", ars a’ guth, "do chuirfinn d'acht air gúna síoda a sholáthar dom ar dath an airgid bháin.
    Seadh! do chuir san misneach ar an ingin annsan agus do chodail sí an chuid eile dho’n oidhche, agus amáireach nuair a eirigh sí, ar sise le ’n-a h-athair n...phósfadh sí é chun go soláthruíoch sé gúna síoda
    dhi, do bheadh ar dath an airgid bháin. Do bhuin
    san lá agus bliadhain d’á h-athair an gúna a chur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    19 Samhain 1935
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir