School: Urhan (B.) (roll number 12259)

Location:
Urhin, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0275, Page 249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0275, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Urhan (B.)
  2. XML Page 249
  3. XML “Pádruig Phiarais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí sagart ann fadó darbh dó Peadar Ó Néill. Do bhí file ann an uair céadna darbh ainm dó Pádruig Phiarais. Feirmeóir dob ead Pádruig agus cois na fairrge isead a bhí paiste talmhan do bhí aige. Bhí an talamh ana-íseal agus is minic d'éirigheadh an fhairrge air. Tháinig bliain ana-fhluic is d'éirig an fhairrge is rug sí uaidh na barra go léir. D'fhág san Pádruig an a bhoct ar fad. 'Sead i gceann beagán aimsire theastuigh a shrait ón sagart. Ní raibh aon rud ag Pádruig le thabhairt dó. Nuair ná fuair an sagart an tsraith chuir sé teachtaire chuige dá h iarraid. Ní bhfuair an teachtaire í. Chuir an sagart chuige arís, ba bheag an mhaith dó é, ní bhfuair sé aon rud ó Phádruig. Cuireadh an teachtaire ag triall ar Phádruig an tríomhadh huair. Ní raibh dada ag Pádruig dó. 'Sead, nuair ná cuirfead Pádruig an tsraith chuige do ghlaoidh an sagart ó'n altóir air. Cheap an sagart
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig Ó Síothcháin
    Gender
    Male
    Address
    Caherkeen, Co. Cork
    Informant
    Máire Ní Shíothcháin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Caherkeen, Co. Cork