School: Urhan (B.) (roll number 12259)
- Location:
- Urhin, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Urhan (B.)
- XML Page 240
- XML “An Triúr Cailleach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí triúr driféar ann fadó. Triúr cailleach dob eadh iad. 'Sé do tugtaí ortha ná Cailleach an Daingin, Cailleach Bhóluis agus Cailleach Bhéara mar gur chómhnuig duine díobh i ngach áit díobh san. Dob iongantach iad leméid agus le neart. Do bhíodar ag caitheamh a saogail agus a n-aimsir go maith ach ba shuarach le Cailligh an Daingin an tslí mhaireachtana do bhí ag n-a deirfír i mBéara; agus ba mhaith léi comaoin bheag do chur uirthi.
Ina an am san do bhí oileain na Scairbhe agus Duibhinis agus gan ach go raibh deighile bheag eatortha, ar an dtaobh amuich de'n Daingean. Dubhairt Cailleach an Daingin le n-a hinghin lá, go mb'fearra dhóibh an Scairbh do chuir ó dhéas go dtí an deirfiúr i mBéara. Do chuireadar slabhra as an Scairbh, agus do thugadar iarracht fé i tharracht ach do scoilt sí 'na dhá leath. Do bhí an Scairbh bheag sé sin Duibhinis, ag an ingin annsan, agus an Scairbh mhór ag an máthair. Do ghluaiseadar leo. Do chuir an t-seanhean an inghean roimpi amach,(continues on next page)- Collector
- Pádruig Ó Síothcháin
- Gender
- Male
- Address
- Caherkeen, Co. Cork
- Informant
- Máire Ní Shíothcháin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Caherkeen, Co. Cork