School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)
- Location:
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Teacher: Cormac Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar an dtaobh thiar d'en tsráíd-bhaile seo tá lios mór. Nuair a bhiodh an cailín seo go bhfuilim ag trácht uirthe ag dul ar scoil b'éigean dí gabháil treasna an leasa seo.Lá amháin bhí an cailín ag dul ar scoil, nuair a tháínig bean as an lios. D'iarr sí ar an gcailín teacht isteach cun bheith i bhfeighil an leinbh. Chúaidh an cailín agus nuair a bhí na scoláírí eile ag dul abhaile chuaidh an cailín abhaile leó. Thuit an rud céádhna amach gach lá ar feadh seachtmhaine. Annsan nuair fuair a máthair an rud san amach ní dúbhairt sí faich, mar bhí rud uaithe cun bó breóídhte do léigheas. Fuair an cailín an rud úd ón mnaoí sídhe.Nuair a fuair an mháthair a rud sin, nígh sí an cailín leis. An lá na dhiaidh sin bhí an cailín ag dul ar scoil, agus mar ba gnáthach, tháínig an bhean sídhe cuiche. Dúbhair sí lei ná raibh mhaitheas ins an rud do dhein a máthair dí, mar beadh sise aice sa deire. Nuair a bhí an chéad leanbh ag an gcailín thugadar cun é do bhaistiú. Nior d'fhan éinne leis an mathair le linn baistidh an leinbh.(continues on next page)
- Collector
- Muiris Murchadha
- Gender
- Male
- Address
- Coom, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Murchadha
- Gender
- Male