School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)
- Location:
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Teacher: Cormac Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gníomh go Leith (B.)
- XML Page 335
- XML “Toibreacha Naofa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do réir mar is eól dom do chómhnuig naomh nar bh'ainm dí Crobh Dhearg, ag bun na gCíc i dteampall. Níl fhios ag éinne ciacu teampall Págánach nó teampall Caitilicheach é, agus níl fhíos ag éinne, ach ag Día féin. Níl tásg ná túairisg ar an tséipéil anois, agus níl cloch ar chloich ann.Ar aon cuma ta tobar fíor-uisge ann, agus gach Lá Bealtaine téigheann ana cuid daoine ann, is ólann síad uisge an tobair ar maithe le na sláinte. Téighmís go dtí an áit, gach Lá Bealtaine, bíonn cómhtalán ann, agus bíonn tínncéiri ann ó gach áird na h-Éireann. Sé túairim na ndaoine, go bhfuil leigheas san uisge, agus beireann síad buidéal de abhaile leo. Fadó bhí sé de nós ag na daoine, na ba do thabhairt don dtobar, ach tá cosg curtha leis sin anois.Sé mo thúairim nach bhfuil aon tobar naomhtha eile san dúthchaig seo. Téigheann an cuid is mó de na daoine go dtí and tobar, cun trusanna agus Fioghar na croise do dhéanamh, ach téigheann na daoine óga ann cun rínnce do dhéanamh.(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Dálaigh
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Mhuimhneacháin
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Gneevgullia, Co. Kerry