School: Oileán Iarthach
- Location:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal faoí Oidhche Shamhna
Bíonn seanchas go leór ag na sean-daoine faoí an sluagh sidhe oidhche Shamhna. Deir siad freisin go mbíonn siad ag dul ó áit go h-áit an oidhche sin.
Bhí fear ag teacht ó na chuairt oidhche Samhna. Bhíodh sé i bhfad amuigh gach oidche mar ní raibh aon fhaitchíos air. Ní raibh aon duine sa teach ach é féin agus a mháthair. An oidhthe seo bhí sé ag teacht abhaile agus bhí a mháthair ina codladh roimhe. Bhí sé ag ithe a shuipéir taobh amuigh d’en doras mar bhí an ghealach lán agus níor las sé aon lampa. Nuair a bhí a shuipéar gar do bheidh ithte aige chuaidh fear thar an doras agus é ag rith. Lean sé do agus nuair a tháinig sé suas leis thosuigh siad ag cainnt. Is gearr go d’fhiadhuigh sé dó cé a riabh sé ag dúl agus dubhairbh se leis go raibh sé féin agus a shluigh le dul ag bhualadh báire le dreamh eile agus go raibh deirfir air. “Fan” adeir sé “agus gabhfaidh mise leat”. “Teanam leat mar sin” adeir sé an fear sidhe leis.(continues on next page)