School: Oileán Iarthach

Location:
An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 335

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 335

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Iarthach
  2. XML Page 335
  3. XML “Breasal Bán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí lánamhain i na gcómhnuidhe i Roscomáin uair amháin. Colm ab ainm do'n fear agus Úna ab 'ainm do'n mnaoi.
    Bhíodar an-chruadhógach éarrach áirithe; bhí go leor le déanamh ag Colm ar an bhfeilm agus Úna an-ghnóthach mar an gcéadna. Bhí uirthi an teach a réidhteach, ach freisin bhí uirthi sgioból lín a shníomh. Tráthnóna amháin bhí droch-
    mhisneach uirthi le a raibh le déanamh aice.
    Annsin bhuail duine an doras. Fear uasal a bhí ann. Chuir Úna fáilte roimhe agus thug sí áit suidhte dó. Bhíodar ag cainnt ar an aimsir annsin agus dubhairt an fear uasal
    "Tabhair dom an méid lín atá agat mar tá conganta agam sa mbaile agus is gearr a bheidheas siad dhá shníomh." " Go raibh míle maith agat" dubhairt Úna agus chuaidh sí amach sa sgioból ach nuair a tháinig sí isteach labhair an fear uasal léithe. "Ta coingheall amháin agam le cur ort" adeir sé mar a mbeidh m'ainm agat dom nuair a thiocfas mé aríst caithfidh tú a bheith ar aimsir agam chuile lá dhe do shaoghal.
    M-ainm is mo shloinne "breasal bán". Rug sé ar an lín agus tug sé leis é. Bhí go maith is ní raibh go holc. Nuair a bhí sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0500: The Name of the Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Maithnín
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Catháin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female