School: Oileán Iarthach
- Location:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Iarthach
- XML Page 341
- XML “An Tarbh Breac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige. Cailleadh a bhean i gceann tamaill agus phós an fear aríst. Leis an dara bean bhí triúr inghean aige agus an inghean ba h-óige bhí trí shúil innte. Bhí an gráin ag an leas-mháthair ar an mac agus bhíodh sé amuigh ag obair i gcomhnuidhe ag tabhairt aire do na beithidhigh. Ní thugadh sí mórán le n-ithe dó agus bhíodh ocras air. Bhí tarbh mór breach imeasg na mbeithidhigh agus lá fluich fuar amháin tháinig sé go dtí an buachaill agus dubhairt leis an adarc a bhaint dhó agus go bhfuigheadh sé biadh.
Chuaidh sé go dtí é agus bhain sé de an adharch agus leag amach neart biadh agus deoch. Nuair a tháinig sé abhaile ní raibh sé indon a bhéilidhe a ithe agus ní raibh a fhios ag an leas-mháthair cé bhfair sé rud le n-ithe agus lá ar na máireach cuir sí amach an ingean badh shine ag faire air.(continues on next page)