School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 475

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 475

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 475
  3. XML “Seán an tAmadán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Seán fice blian d'aois, agus aon lá amháin chuaidh sé chuige an mbaile mór. Connaic sé lód turnapaidhe. Ní raibh Seán i mbaile mhór ariamh nó chan fhaca sé turnap ariamh a roimhe. D'fhiafruigh se caidé an seórt roda iad so. Dubhairt an fear a bhí da ndíol gur bh'uigheacha lárach iad.
    Chreid Seán é, agus ceannuigh sé turnap ar sgilling. Bhí sé ag teacht a bhaile go cúramach leis, agus é faoi n-'asgail aige, nuair tháinic sé chuige abhainn. Bhí dúil aige an abhainn a léim, agus chaith sé an turnap trasna na habhna isteach i ndosán aitinne.
    Bhí gearrfhiaidh ins an dosán aitinne. Léim sí suas agus as go bráth léithi. Shaoil Seán gur searrach óg a bhí ann, agus léim sé an abhainn, agus lean sé i, ag gloimnigh amach: "Stad, stad, adeirim leat."
    Acht char stad an gearrfhiaidh, agus chuaidh Seán a bhaile go brónach, agus e ag mallachtaighe ar an bhfear nár dhubhairt leis go raibh an ugh ar bhruach a theachta amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Barbara Ní Congaile
    Gender
    Female
    Address
    Clifden, Co. Galway