School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Location:
- Clifden, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Peadar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus dubhairt sé leis an mbuachaill "Blaoidh ar an tarbh". Rinneadh amhlaidh. Tháinig an tarbh, agus d'itheadar agus d'óludar a sáith. D'fhilleadar abhaile um tráthnóna agus d'innis fear a' tighe dá bhean mar gheall ar an bhéile bhreagh blasta a bhí aca. D'íarr sise í féin a leigint in aoinfheacht leo lá ar na báireach. Chuaidh an triúr go dtí an sliabh agus mar ba gnáthach, d'itheadar agus d'óladar go dtí go raibh siad sásta. Dubhairt an tarbh leo, gan innseacht d'einne agus go ndéanfaidh sé saidhbhir iad de bharr rún a choinneal.D'eirigheadar an t-saidhbhir ar ball agus rinneadar teach mór gleoite agus ní raibh a fhios ag éinne céard a bhí a' teacht ortha, gléasta chomh breagh leo - caráistí agus capaill aca, agus mhair an triúr le chéile i sonas-saoghalta ar feadh na bliadhanta fada.Sgéal ó bhéal fir oibre as an Ghaedhealtacht atá ag obair sa bpáraiste seo faoi láthair. Deir sé go bhfuil go leor mar sin le cloisteáil in a bhaile dúthchais féin. B'fhéidir go bhfuigheadh mé uair eicint eile le conghamh Dé.Dóirín Ní Mhuiris
- Collector
- Dóirín Ní Mhuiris
- Gender
- Female