School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 289

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 289

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 289
  3. XML “Caitheamh Aimsire”
  4. XML “Caitheamh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Seo cluice atá ag na cailíní timcheall na h-áite seo. Chruinneann go leór díob le chéile in áit amháin. Bíonn siad ag déanamh geataí árda. Ar dtús beireann siad ar lámha a chéile agus déanann siad fáinne. Fanann duine amháin agus téigheann sí timcheall ar na cailíní eile agus cómharann sí suas go dtí fiche agus an té a thuigeadh fiche air ritheadh sé ar an duine a chomhar. Chrochann na daoine eile suas a lámha agus iad a raidh geataí árda nó go bhfuighe an bheirt eile griam ar a chéile. An bheirt a bhíonn ag rith bíonn siad ag rith faoí lámha na cailíní eile mar bíonn a lámha crochta aca. Annsin teigheann an duine a chomhar isteach san rang. Ann sin geobhadh an duine eile timcheall ar an rang agus comrann sé suas go dtí fiche arís. Bíonn siad ag déanamh cleasanna nuair a bhíonn siad dhá dhéanamh. Seasann an duine a bhíonn ag cómhradh agus comrann sé ina intín féin inos go dtiocfidh fiche ar an duine is fearr leis féin. Annsin béidh an bheirt ag buaileadh a chéile i gcomnaidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.