School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 218
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go dtí an séipéal mar ní raibh aon teach phobal acú Biodh daoine ag pósadh i chuile áit fado go mor mhór
- Bíodh daoine ag posadh i chúile áit fado go mór mhór i gcearta Bhí fear ins an áit seo agus sé an t-ainm a bhí air Feicín an Coiligh agus bíodh sé ag posadh daoine. Sé an caoí a deanadh sé é ná iad a thabhairt isteach ins an gcearta. Annsin cuirfeadh sé iad in a seasamh os comhair an inneoin agus geobhad sé an t-órd. Bíodh an t-inneoin sin túairmhs cúig tróige ar aóirdhe. Déarfadh sé leis an mbéirt acú éirigh go léim agus a dul suas ar an inneoin. Cáitfidhis fanacht ina seasamh suas air an fadh is a béadh sé ag bualadh trí búile de'n ord ar an inneoin. Deánfidhis é sin trí h-uaire in n-dhia a chéile . Dá mbead beirt ann nach mbéadh in n-an é sin a dheánamh ní posfadh sé iadh. An beirt a déanfadh é sin geobhfadh sé brath agus cháithfeadh sé air cloigheann an beirt acú é. Geobfadh sé píosa iarainn agus deánfadh sé fáine de agus chúirfeadh sé ar méir an mnaoí é agus bheadh siad pósta aige annsin. Tugaidhis cúpla punt airghd dó annsin agus bhí sé an t-saibhir.
- Collector
- Antoine O Flaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway