Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 178

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 178

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 178
  3. XML “Amhrán Tom Bhairbre”
  4. XML “Cailín Fearúil Fionn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is gan é a leanacht suas ró fhada
    sé faiccío gur cúrsaí feirge é
    Is gur sgéal e a tharraingeodh achrann
    Tá ómós mor go Máire agam
    Is ní áiream i a bheaidh caoineadh
    Is an té a tarraing an troiblóid
    Is deacar dó a bheith saoglach
    Fáighte ó Miceál Ó Dhonnchadha in áit a dhíol
    Fear as an Áirdmhóir bó sé fear as áill na
    brón agus rinne Miceál Ó Donnchadha amhran dóibh
    Brígid Ní Ceanndhubháin Áirdmhóir Cárna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Cailín fearúil fionn
    I
    Dá mbeadh bó na dhó ag mo stoirín is deas
    mar seólfainn iad.
    Níor bhfearr liom áit dá seólfainn iad na
    amac go Loch an Buidhe.
    Mar is ann a dearc mé an óg bean go deó
    deó bris mo croidhe.
    Is mar a bhfiudh mé í le pósadh ní mairfeadh
    mé beo mí.
    II
    A stóirín, ná bíodh buairead ort brón
    ná briseadh croidhe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Feichín Ó Flaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Bairbre Ní Culaín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. Galway