Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 271
- XML (gan teideal)
- XML “Lá Fhéile Muire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Lá Chinn Blíadhna ¶ Tagann lá chinn blíadhna ar an gcéad lá danair gach blíadhain.”
(ar lean ón leathanach roimhe)pátrún i n-oileán Árainn ar an lá sin i n-onóir don bheirt naomh sin. Tá sé ráidhthe go bhfuair an bheirt naomh sin bás ar son an creideamh. Cuireadh cun báis iad mar do chuireadh Ár dTíghearna mar gheall ar an gcreideamh. Tá sé ráidhte nach ceart fuil a bhaint as aon ainimhidhe an lá sin mar gheall gur bhaineadh fuil as naomh peadar is naomh pól an lá sin ar son an creideamh.
Bríghid Ní Maoilcíaráin
Calladhmuighinse
Cárna- Tagann Lá Fheile Muire ar an cúigeadh lá déág de mí Lughnasa. Téigheann go leór daoine ag tobar Muire an la sin. Is é an chaoi a dhéanann siad an turas. Fághann siad seacht gcinn de clocha beaga annsin tosuigheann siad ag suibhal timceall an tobair. Caitheann siad cloch amháin uatha agus deireann siad sé do bheatha a Mhuire ar chuile chloch a chaitheann siad uatha. Deireann siad páidreacha ós chómhair an tobar freisin agus cuireann siad cuid den uisge ortha féin. Carsuiceann siad iad féin le chloch cruinn a bhíonns faghtha ag an tobar i gcomnaidhe. Fágann siad rud éigean in a ndiaidh ann. Deirtear nach ceart aon obair a dheanadh lé créfóg an lá sin agus an te a deanann í ní fhásann an rud a chuireann sé an lá sin.
Bríghid Ní Ceanndhubháin
Áirdmhóir,
Cárna- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ceanndhubháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe