Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an bhaile an fatach a mharbhú. Oidhche amáin cuadar amach ag dhul ag marbhú an fataigh. Nuair a tháinic siad comh fada leis an bpluis ní raibh sé ann agus séard a rinneadar na an áill a caitheadh anuas i mullach na plúise san áit nach bfeadfadh sé dul isteach ann. Annsin chuadar abhaile agus nuair a cuadar abhaile ní raibh chearc na gé fágtha aige Maidin lá ar na báireach cuadar amach arís agus fuaireadar e ag doras na pluaise Chuaidh an céad fear amach agus chladheamh. Lean an fathach é agus mharbhuigh se é. Sa deire cuadar uilig amhach agus marbhuigheadar é. Agus is é an tainm athá ar an áil ó soin na Áill na bhFatach.
- Bhí fathac san áit seo san t-'Sean aimsir. Tháinig an fatac agus cuaid sé isteac ar oileán agus chuir sé balla thar timcheall air agus sé an t-ainm atá ar an oileán ná oileán an fhathaigh. Nuair a tháinaig sé ar dtús nuair a thaghad sé isteac idteac beag íseal leagadh sé é bhí chomh h-árd sin Nuair a bí na daoine go léir faoi na smact aige chuaidh sé ar an oileán. Thagadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe