Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 266
- XML (gan teideal)
- XML “Lá Fhéile Mártain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Lá Féile Bríghidhe ¶ Déirtear gur be an fáth ar uigadh lá féile brígide air an onóir do Naomh Bhríghidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Oidche Shamhna
Féile mór is sead oidhche Shamhna. Déirtear go mbíonn na sideóga ag atrughadh freisin an oidhche sin. Bhíonn feasta mór ag muinntir an tighe an oidche sin. Bhíonn na paistí ag imirt cleiseanna an oidhche sin agus bhíonn theach fe leith acha leis na cleasanna d' imirt ann. Bhíonn go leor cleasanna acha le n- imirt mar bhíonn siad ag cuimnugeadh orra an t-seachmhain roimhe sin- Tagann lá Fhéile Mhártan ar an t-aonú lá deag de mhí na Samhna cuile bliadhain. Marbhuigheann na daoine geabha, cearca, muca, agus caoirigh la nó cupla lá roimhe la Fhéile Mhártan agus iteann siad iad lá Fhéile Mhártan. Bhí Iosa Criost lá ag siubhal. Ní lean Naomh Mhártan é cuile áit dá ndeacaidh sé. Bhí Iosa ag imteacht tríd driseacha agus trí coillte. Bhí Mhártan n-a diaid i gcomnaidhe. Bhí craiceann Iosa gearrtha ann mhór ag na driseaca agus bhí fuil ar a cuid éadaigh. Bhí craiceann Iosa gearrtha comh mhór sin is go raibh se andhon cuid de craiceanna bhaint de fhéin. Tóg sé piosa de'n craiceann de féin agus chuir sé faoí cloch ann mhór. D'iarr naomh Mártan cuid de'n craiceann ar Iosa. Thug Iosa dó e agus dubhairt sé leis é a cuir i bfolach faoi cloch mór agus gan aon duine a beith breathnu ar dhá cuir i bfolach.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Chúaláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe