Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 267

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 267

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 267
  3. XML “Lá Fhéile Mártain”
  4. XML “Lá Fhéile Mártain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Agus go dtiocfaidh rud lucmhar éigin do na daoine as. Cuir Mártan an craiceann i bfolach. Acht bhí cailín ag breathnú air.
    Nuair a chuaid Mártan a bhaile goid an cailín cuid de craiceann. Agus cuir sí féin i bfolach é faoi cloch mhór. An t-am a bhí ceaptha ag Martan dul ag breathnu ar gcraiceann. Nuair a thóg Mártan an cloch rith dhá muc amac as. Nuair a thóig an cailín an cloch rith da luch indiaidh na muca. Agus chait Mártan ceann dhá láiminí leis na luchain. Rinne a láimhin cat agus tosuigh an cat ag rith indiaidh an luch. Sin é a fath (?) go dtugtar gadadhe ar an luch agus bíonn an cat ag rith indiaidh an luch. Mar goid an cailín an craiceann a dtáinig na lucha as.
    D'orduigh Mártan da mbeadh tada le marbú é a marbú lá no cupla roimhe a lá féin. Ní raibh tada le marbu ag na daoine an t-am sin. Bhí fear ann uair (?) agus ní raibh tada le marbu ag na a bean. Agus bí sé ag dul ag marbú a mhac le omás do Mártan. Naoid n-oidhche agus oidhche gan náire go la Fhéile Mártan.

    Nóra Ní Chúaláin
    Árdmhór,
    Cárna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bíonn lá Fhéile Mhártan againn cuile blian. Is in onóir do Naomh Mártan a bionns sé ann. Sin é an lá a baineadh an ceann do Naomh Mártan. Agus dóireadh a cuid fola go léir.
    Bíonn na daoine ag marbadh caoire agus géabha agus muca an lá sin. Tá sé ráidte nach raibh Mártan in a caitilicheac cor ar bith ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Mártain (~177)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ceannabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe