Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 285
- XML “Caitheamh Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is é an caitheadh aimsire is mo atá ag na cailiní thart annseo na ag bualadh báire. Nuair a bhíonns go leór cailíní cruinnuighthe i dteanta a céile in áit éigin sé an caitheadh aimsire is mo a thaithnigheans leo na bualadh báire . Gheibheann siad liathróid agus annsin tagann an beirt is sine a bíonns ins an gcrinnúghadh amac agus theigeann duine aca ar gach taobh mar bíonn dá thaobh ag bualadh. Annsin tosuigeann an bheirt ag piochad na daoine is fearr atá ins an gcrinnughadh le h- aghaidh dul ar a dtaobh féin agus cuireann siad an uimhir céadna cailiní ag bualadh ar gach taobh. Annsin téigeann cailín amháin amach agus fliuchann sí a lámh agus tagann sí go dtí an cailín eile. Annsin buaileann an cailín bos ar an lám agus má bíonn an lámh atá fliuch buailte aicí bionn an chéad deis ag dul doibh. Annsin socruigheann siad an áit a bíonn an dóghadh. Leanann siad ag bualadh go mbíonn siadh tuirseach.
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Mhaoilchiaráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe