Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 275

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 275

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 275
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhi cáil mhór air ag caitheamh léim. Bhí sé in a comhnaide i gCalladhmuiginse. Fadó nuair do bíod na daoine óga ag caitheadh léim in n- áit ar a dtugtar an tamhna bhí gach duine da fhéacaint féin a gcaitfead sé an léim agus léim fear amháin ann agus bhí sé i n-án an léim seo do chaitheadh Éogan Mach an Ríog an t-ainm a bhí air agus ní raibh aon fhear eile chom maith leis Fear mór láidir a bhí ann léim fada a bhíodh sé ag caitheadh agus sé an t-ainm a glaodfad na daoine ar an áit ó soin ná léim Éogan
    V
    Bhí fear in a chomhnaidhe sa n- Áirc Mhór tá tamall bliadanta ó shoin agus bhí cáil mór ar comh maith is bhí sé ag gearradh féir. Tomas Ó Cualáin an t-ainm a bhí air. Ba é an fear é a bhfearr a bhí thart ins an áit ag baint an fhéir Nuair a bhíod an féar i n- ámh é a baint chuirfead gach duine fíos ar an bhfear seo le h- aghaidh é a ghearradh. An garaide is mo a bhí ins an áit seo a raibh féar ag fás ann le gearradh do bainfead an fear seo é i dhá lá ar a laigheadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Mhaoilchiaráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe