Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 208
- XML “Paidreacha”
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Creid a mhic is an Dia go glan.
Ná tabhair ainm Dé gan fáth.
Connuigh an saoire mar is cóir.
Tabhair go t- athair is do mháthair onóir.
Ná dean marbh goid ná drúis.
Ná sanntuigh bean do comharsan.
Ná fionaise breagach in aon chúis
Cuid duine eile ná aírnis. - Paidhir é seó a d'arbruigeadh na sean daoine fadó ag dul aisteach go teach pobail doibh.
Deírigh an mhaigdein glormhar dhá uair roimh lá.
Gus cuaidh ina teamhpull ag caoineadh a grádh.
Casadh dí an taingeál is coinnéal ina deas láimh.
Sé de bheatha a mhuire dubairt Rígh geal na ngrást.
Tuighe nar chaoin tú nuair a d'fulaing tú an país.
No tuighe nar chaoin tú nuair a d'fulaing tú an bás.
Gus fheabhas is a chaoin tú clann Eabha agus Adhámh.
Nuair eíréochas tú ar maidin dean do cosaoidh lé dhia
Tobhair t-agaidh ar na flaiteas is fágh Ifreann do diaidh
Nuair a ghabhfas tú ag an Aifrinn umlaig d'on chré
Tobhair d-agaidh ar na flaiteas is fág Ifreann do diaidh- Bailitheoir
- Peigí Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe