Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 235
- XML “Longbhriseadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí dá long ag teact anoir ó Ghaillimh uair agus iad ag dul go Ameiric. Long nua a bí i gceann aca agus sean long a bí lán de coirce a bhí sa gceann eile. Bhí buacaill óg sa long nua agus dubhairt sé leis an gcaiptín nar maith leis féin a dul siar anoct. "Cé'n fáth" arsa an caiptín "nac bfuil an oidhche go breágh agus an long nua agus gac rud atá inntí go nua. Agus an Sean long ag dul siar anoct. "B'fearr liom a bheith san sean long na inntí seo" arsa an stocac. "Leag soir ar gaillimh mar sin í" arsa an gcaiptin leis an bfear a bhí da stuireadh. Rinne sé mar a dubhradh leis agus cuaideadar go gaillimh aris. Chuaidh an sean long siar. Agus nuair a chonnaic an caiptin í Is fada siar an sean long anois ar seisean. "Ní gotha sí mórán acar eile arsa an stocac ." Ba ghearr in a diaid sin gur cas an sean long agus nior raibh sí móran acair aniar gur báthadh í agus báthadh gach duine da raibh innte. Agus nior tógadh act aon fhear amháin dhíobh agus tá sé sin cuarta ar oileán ar a dtugtar carraig na meacaín uirrí. Agus D'imtigh an coirce san bfairraige. Go ceann fada in a diaid sin aon breac a marbuigh aon duine ann biod sé lán de coirce taobh istigh ann.
- Bailitheoir
- Bairbre Ní Donncada
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe