Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 289
- XML “Caitheamh Aimsire”
- XML “Caitheamh Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Seo cluice atá ag na cailíní timcheall na h-áite seo. Chruinneann go leór díob le chéile in áit amháin. Bíonn siad ag déanamh geataí árda. Ar dtús beireann siad ar lámha a chéile agus déanann siad fáinne. Fanann duine amháin agus téigheann sí timcheall ar na cailíní eile agus cómharann sí suas go dtí fiche agus an té a thuigeadh fiche air ritheadh sé ar an duine a chomhar. Chrochann na daoine eile suas a lámha agus iad a raidh geataí árda nó go bhfuighe an bheirt eile griam ar a chéile. An bheirt a bhíonn ag rith bíonn siad ag rith faoí lámha na cailíní eile mar bíonn a lámha crochta aca. Annsin teigheann an duine a chomhar isteach san rang. Ann sin geobhadh an duine eile timcheall ar an rang agus comrann sé suas go dtí fiche arís. Bíonn siad ag déanamh cleasanna nuair a bhíonn siad dhá dhéanamh. Seasann an duine a bhíonn ag cómhradh agus comrann sé ina intín féin inos go dtiocfidh fiche ar an duine is fearr leis féin. Annsin béidh an bheirt ag buaileadh a chéile i gcomnaidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)