School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 289

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 289

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 289
  3. XML “Caitheamh Aimsire”
  4. XML “Caitheamh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mullach a céile agus ag éirge faoi an maide. Bíonn an spóirt aca ag imirt na gcluicí sin go léir. Bhíonn go leor cluicí dhá n-imirt acha. Bhíonn na cailiní ag cardáil agus ag sníomh agus ag d'átachán san oidhche agus bhíonn go leor cluicí dhá n-imirt acha san oidhche. Sin iad na cluicí a bíos dhá dheanamh aca timcheall na h-áite seo agus an caiteadh aimsire.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Seo cluice atá ag na cailíní timcheall na h-áite seo. Chruinneann go leór díob le chéile in áit amháin. Bíonn siad ag déanamh geataí árda. Ar dtús beireann siad ar lámha a chéile agus déanann siad fáinne. Fanann duine amháin agus téigheann sí timcheall ar na cailíní eile agus cómharann sí suas go dtí fiche agus an té a thuigeadh fiche air ritheadh sé ar an duine a chomhar. Chrochann na daoine eile suas a lámha agus iad a raidh geataí árda nó go bhfuighe an bheirt eile griam ar a chéile. An bheirt a bhíonn ag rith bíonn siad ag rith faoí lámha na cailíní eile mar bíonn a lámha crochta aca. Annsin teigheann an duine a chomhar isteach san rang. Ann sin geobhadh an duine eile timcheall ar an rang agus comrann sé suas go dtí fiche arís. Bíonn siad ag déanamh cleasanna nuair a bhíonn siad dhá dhéanamh. Seasann an duine a bhíonn ag cómhradh agus comrann sé ina intín féin inos go dtiocfidh fiche ar an duine is fearr leis féin. Annsin béidh an bheirt ag buaileadh a chéile i gcomnaidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Cheannabháin
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway