School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear uasal fadó a raibh tóir mhór aige a bheith fíadhach. Bhí talta gan cuimheas[?] aige agus leis an tóir a bhí aige bheith a fíadhach níor fhan sionnach na gearrfiadh na fíadh ina a chuid talmhan nár mharbhuigh sé. Bhí na caiple fíadhaigh is feárr sa tír aige agus coin ar fheabhas an domhain acht da fheabhas dá raibh a chuid caiple agus a chuid cúanna bfhearr an fiadhaigh é fhéin ná ceachtar aca.
Sa deireadh nuair a chlis air áon fiadhach fhághail i n-a chuid talmhan mar bhí sé leo gur thanaidh sé as éadan íad. Chuaidh sé fhéin 's a bhean agus chuireadar fútha i mbothán sléibhe.
Chuaidh a chlú amach air a fheabhas is bhí rith aige gur chualaidh cailleach lé draoidheacht é agus go dtáinig sí chuige. Ag iarraidh air a dul leithe a tháinig sí acht ní raibh áon mhaith dhí ann. Dá mhéid draoidheacht sá raibh aici ní raibh sí i ndan a sgaradh ón-a mhnaoi fhéin. D'imthigh sí agus cinthach[?] uirri agus d'fhair sí é go bhfaca sí ag fíadhach é agus é ar tús an conairte mar ba gnathach leis - agus dheamhan blas nar eirigh leithe draoidheacht a cur air go ndeárna sí cú bán seo ó'n lá sin amach. 'Cuile lá a racha[dh] sé amach ag fíadhach - agus bin 'chuile lá mar bhí sí nimhe-sa bhfiadhach aige. bheadh sé i n-a cú bán acht thagadh a chruth fhéin san oidhche air.(continues on next page)- Collector
- P. O' Díscín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheál Halliday
- Gender
- Male
- Age
- Over 30