School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'fhan sé trí blíadhna mar sin ag fíadhach agus ag sealgaireacht imeasg na sléibhthe i gcruth con sa ló agus 'chuile oidhche ar theacht abaile dhó thagadh a chruth féin ar ais air.
I gceann na trí blíadhna sin chuaidh se amach lá amháin mar ba gnathach leis acht níor tháinig sé abhaile. Bhí a bean beagnach as a ceill i n-a dhíaidh. Cúartaigh agus thóruigh sí 'chuile ordlach de'n sliabh agus níor fhéad sí a fhághail amach beó nó marbh.
"Rachaidh mé ar a thóir" ar sise léithe féin, "agus ní fhillfidh mé go bráth go bhfagaidh mé amach é".
D'imthigh sí roimpi agus bhí sí ag imtheacht aríamh go dtáinig sí cómh fada lé teach maoir gur innis sí dó gur ar thóir Cú Bán an tSleíbhe a bhí sí.
"Mise duine dhá chuid maoir" ar seisean "acht ní fhacamuid lé trí blíadhna é acht tá maor eile dhá chuid maor i bhfoisgeacht aistir lae uait agus b'fhéidir go mbeidheadh seisean i ndan a thúairisg a thabhairt".
Thug an maor 'cuile shórt lé n-ithe agus lé n-ol di chómh maith is bhí aige agus leabaidh go maidin.
"Anois" ar seisean ar maidin "seo siosúr duit a bhfuil buadh mor ann mar an culaith is súaraighe ar bith níl agat le déanamh acht(continues on next page)- Collector
- P. O' Díscín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheál Halliday
- Gender
- Male
- Age
- Over 30