School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0044

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0044

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0044
  3. XML “An Maistreadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ceann de na sean-chuinneóga luithne atá again[n] sa mbaile. Tá clár mór air agus tá an luithne ag teacht suas tríd an bpoll.
    Bligheann mo mháthair na ba gach maidin agus gach tráthnóna agus tugann sí isteach é i dtigh an bhainne annsin agus sgagann sí é. Annsin cuireann sí an bainne isteach san inneall deighilte agus deighleann sé sin an t-uachtar d'en bhainne. Déanann sí sin gach maidin agus gach tráthnóna ar feadh cupla uaire agus anns[in] bíonn cuid maith bainne ann annsin le maistreadh a dhéanadh.
    Glanann sí an chuinneóg go maith agus sgiúreann sí é agus cuireann sí an bainne isteach agus bíonn sé réidh le déanadh acht shul dá dtosuigheann sí cuireann sí splainncín beag faoi mar is pisreóg é si[n].
    Bhí bean suas i bhfearta Gearr fadó agus bhí dhá bhó bhainne aic[i] agus bhí beirt inghean ag déanamh an maistreadh aon tráthnóna agus tháinig duine bocht isteach ag iarraidh déirce. Thug bean an tighe cathaoir dó le suidhe síos ag an teine. Dubh[airt] ná mná óga nach rabhadar i ndhon an maistre[adh] a dhéanadh agus go rabhadar dá uair ag iarraidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán de Bláca
    Gender
    Male
    Address
    Liskeevy, Co. Galway
    Informant
    Máire de Bláca
    Gender
    Female
    Address
    Liskeevy, Co. Galway