School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0039
- XML “An Maistreadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sean-chuinneóg againn sa mbaile ó'n mbliadhain a troideadh an cogadh mór agus deir mo mháthair nach dtiubhradh sí é d'aoinne dá bhfuigheadh sí céad ceann de na cuinneóga nuadh i n-a h'áit. Déanann sí maistreadh faoi dhó 'san tseachtmhain nuair a bhíonn an bainne go fairsing.
Cuireann sí uachtar an bhainne í gcroca nó buicéad mór gach maidin 'is tráthnóna tar éis na ba a bheith blighte agus an bainne a bheith séaluighthe aici. Tugann mé go leór rudaí aisteacha faoi deara gach uair a ghníonn sí an maistreadh.
Ar dtús tugann sí sgiúradh maith do'n chuinneóig agus cuireann sí an t-uachtar innti. Annsin cuireann sí splanc dearg agus gráinne salainn faoi. Nuair a bhíonn sin déanta cuireann sí an luighne agus an clár air agus tosigheann sí ag déanamh an mhaistreadh. Dubhairt mo mháthair liom ghur cheart an t-im a bheannughadh nuair a bheadh sí déanta. Cuireann sí glac maith salainn ins an im freisin mar tá sé ráidte nach bhfuil sé ádhamhail gan é a bheith ann ar an nóiméad a bhíos an maistreadh déanta.
Tá sé ráidhte freisin go ngoidtear an t-im ó-n mbó uaireannta(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Address
- Clashaganny, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Address
- Clashaganny, Co. Galway