School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0001
  3. XML “Faitíos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear uair amháin agus deirtear nach gcuirdeadh rud ar bith faitíos air. Thart ar an mbaile seo a bhí ina chomhnuidhe. Aon oidhche amháin nuair a bhí sé ag teacht abhaile ó spraoi chonnaic sé na daoine maithe ag imirt báire lé blaosg fear.
    Gabh sé an blaosg "leig amach me" arsa an blaosg. "Ní leigfead" arsan fear go bhfághaidh mé eic maith ort agus go n-innsighe tú dhom céard é faitíos" "Tá go maith" arsan bhlaosg "Bí í gcaisleán Cill Cabhair ar an dó-dhéag anocht agus annsin innseóiad duit céard é faitíos"
    Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Bhí an fear i gCill Cabhair ar a dó-dhéag a chlog díreach. Cuir sé tine síos annsin agus théidh sé é fhéin. Tar éis tamaill d;airigh sé torann shuas an simléar agus d'fhéach sé suas. Céard a bheadh ann ach cónra. Rug sé ar an gcónra agus leag sé ar an teallach é. Thóg sé an clár-bhéal de agus céard a bheadh isuigh ann ach corp. Labhair an corp leis agus dubhairt sé.
    "Bí í lios na Rud ar a naoi oidhche amáireach" ar seisean" agus annsin innseóiad duit céard é faitíos" Bhí an fear í lios na rud san am díreach. Nuair a sheas sé ar an lios shil sé go raibh sé ag dul síos, síos, síos, síos go raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Gender
    Male
    Address
    Clashaganny, Co. Galway
    Informant
    Párthalán Ó Coisdealbha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male