School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I mbaile a dtugtar Clais an Ghainimh a chomhnuigheann [ ] agus is iomdha áit ann a dtugrtr ainm aisteach a[ir].
Ceathramha Réidh a tugtar ar a[n] mbaile atá taobh thuaidh dhe agus tá Páirc Ruadh agus Cill Ghaibhrín ar na taobhtha thiar agus theas.
Tá páirc i n-aice le mo theach-sa agus Gort na Croise a tugtar air. Deir[tear] gur minic a chítí Cros ins an bpáirc sin fad[ó] agus chonnaic bean as Ceathramha Réidh í 'san mbliain 1912 no 1910.
Bhí sí ag dul go tobar atá i ngort na Croise agus bhí lampa aici. Ar an bpoinnte céard a d'feicfeadh sí ach solus cosamhail lé cros í sgeich agus b'éigean dí an lampa a chur faoi n'a seál. Ní raibh fatchíos ar bith uirthi (ní chuireadh rud ar bith faitchíos uirthi) agus shiubal sí suas go dtí an sgeach leis an rud seo a sgrúdú.
Bhí an cros cosamhail le Monstrance a bhíonns ag an sagart i mbeannuigheadh ['n] Sacraméid - gaithe soluis ar gach taobh de agus solus glórmhar thart uirthi. D'imthigh an cros as amha[rc] go mall, mall isteach ins an sgeachóig go ndeachaidh sí as amharc. Oidhche Domhnaigh a bhí ann freisin). Aon lá amháin ins an bpairc céadhna chonnaic mo shean-athar mór an rud ceadna agus í gléasta ó bun to bárr í gculaith geal. Í lár an lae gléigeal [m ](continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female