School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0108
  3. XML “Scéal faoi Thaibhse”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal faoi thaidhbhse
    Tá sé ráidhte go mbíodh go leór taidhbhsí í nEirinn fad[ó] ag dul thart na tíre ins na h-oidhcheantaibh.
    Bhí fear ag teacht abhaile ó Dhún Mór oidhche amháin go deireannach. Ag dul thar roilig dhó chonnaic sé an rud seo agus dath bán air. D'imthigh an fear leis mar bhí sé ag imtheacht roimhe sin acht d'airigh sé go raibh an rud seo ag teacht ina dhíaidh. "Cé thú fhéin" ar seisean "agus an bhfuil áon troiblóid [!] ort." "Tá" ar seisean "acht ní troiblóid [!] de'n domhan seo é." "Siubhail leat agus beidh mise leat-sa chuig do dhoras fhéin agus innseóchaidh mé annsi[n] dhuit é." Coinnigh sé ag siúbhail go dtáinic sé chuig a dhoras fhéin gur thuit sé i staic i lár an urláir. Cuireadh ar a leabaidh é agus sin níor fhág sé go bhfúair sé bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Grádaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Milltown, Co. Galway