School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cuid mhaith planndaí agus luibheanna a bhfuil leigheas ionnta lé h-aghaidh galraí áithridhe. Leigheas an-mhaith do phian sa mbolg iseadh an buachaill tighe. Bhruightear é agus cuirtear é ag bruith lé leamhnacht. Annsin óltar é agus imtheóchaidh an pian.
Tá na neanntóga Márta an-fholláin do'n fhuil nuair a bhruithtear iad í n-uisge agus nuair a óltar an t-anbhruith. Dá mbeadh duine ag imtheacht as nó a shláinte ag cliseadh, 'faghadh duine cúpla reilleóg agus bruitheadh sé iad. Annsin óladh an duine tinn an t-anbhruith mar leigheas agus tiocfaidh biseach air.
Nuair a bhíos gearradh ar láimh nó ar cois dhuine cuireann sé macaire - chompana air agus ní fhágann an luibh sin an gearradh go bhfásann craiceann na láimhe thar an ngearradh arís. Luibh an-mhaith do at iseadh an flith. Cuirtrear ar an teine agus théightear é. Annsin cuirtear leis an at é agus imthigheann an gat. Úsáidtear an flith go mór mar leigheas ar an leicneach.
Leigheas an-mhaith do'n graibhéal iseadh an briméar. Nightear agus bhruithtear é agus óltar an t-anbhruith go mbíonn an graibhéal imthighthe. Tá luibheanna ann freisin a innsigheann do dhuine cé'n(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female