School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0068

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0068

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0068
  3. XML “Seanleigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iomdha galra a bhuaileas an duine ó'n lá a beirtear é go dtí an lá a dtéidheann sé sa gcré. Tá galraí a bhuaileas an duine lé linn a óige agus nach mbainnean leis uaidh sin amach. Tá galra[í] eile nach mbuaileann duine go dtí go mbíonn sé ina shean-dhuine. Tá go leor bealaighe ag na sean daoine chun galraí a leigheas agus seo mar leanas cuid aca.
    Má bhíonn an triuch agat téirigh amach ós comhair fear ar chapall bán agus abair na foclaí seo leo "A fhir an chapaill bháin céard é do leigheas ar an triuch". An leigheas a bhéarfas seisean duit annsin deirtear go gcuirfadh sé deireach leis an triuch. Seo leigheas eile anbhruith na gráineóige a ól.
    Se leigheas lé haghaidh pian sa mbolg. Cuir salann te isteach i bpíosa phlainín agus annsin cuir ar do thaobh clé é. Leigheas eile píosa de croiceann crainn darach a ithe.
    Má bhíonn tinneas cinn ar dhuine fághadh sé sean stoca olna agus cuireadh sé thart ar a cheann é. Má bíonn sgornac[h] tinn ar duine faghadh sé sean-stoca agus cuireadh sé fataí rósta istigh ann. Chuireadh sé thart ar a sgornach é annsin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Padhraic Ó Dólán
    Gender
    Male