School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0008
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Páidín an t-Éireannach i Lonndain úair. Bhí sé ag obair annseo agus annsiúd go raibh cuid maith airgead sábháilte aige. Ba mhaith leis é a chuir i dtaisge i siopa eicínt. Níor mhaith leis an airgead ar fad a chuir i n-áon siopa amháin agus mar gheall ar sin cuir sé punt annseo agus punt annsin í go leór siopaí. Dubhairt sé da dtiocfadh sé isteach úair ar bith agus a chaipin a bhaint dhe agus a rádh tá cuimhneamh agat ar an tsean -cáibín sin go mbíodh sin i-na chomhartha go raibh an t-airgead ag teastáil uaidh.
    Cúpla lá i -na dhíadh sin bhí Sasanach ag magadh faoi is chómh dona a bhí shean -cháibín. Dubhairt Páidín gur fiú go leor airgead é. Leis sin chuaidh sé isteach i siopa a raibh punt aige ann. Bhain sé a cháibín de agus ceannuigh onsa tobac. Annsin dubhairt sé " a shean-cáibín íoc é sin" agus thug buille d'on gcabhantar. Thug fear an tsiopa an tobac dhó agus sinséal ó'n bpunt. Rinne sé é sin ins na siopaí ar fad a raibh punt aige ann beagnach. Bhí an tSasanach ag faireadh air ar feádh an ama sin agus bhí iongnadh mór air. Sa deireadh ceannuigh sé an hata agus thug céad punt air mar cheap sé go mbeadh sé i ndon airgead a fhághail ar an scéim céadhna. Acht mo léan ní raibh an ceart aige.
    An lá i ndiaidh sin tháinic an Sasanach chuig an tír seo. Rinne sé fleadh agus féasta agus thug cuire do go leór daoine teacht agus oidhche maith a bheadh acu
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1542: The Clever Boy
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Grádaigh
    Gender
    Male
    Address
    Milltown, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Grádaigh
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Address
    Milltown, Co. Galway