School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0136

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0136

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0136
  3. XML “Síbíní agus Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an am fadó bíodh na siopaí i bhfad níos lugha ná mar tá síad anois agus ní bíodh go leór siopaí ins na bailte móra chor ar bith agus ins na bailte beaga a bhíodh siad ceann no dhó in gach baile beag. Bíodh go leór rudaí dá ndíol ionnta tae, siúcre agus go leór rudaí eile agus gnídhís go leór saothar.
    Dá mbeadh duine an-bocht ins an gcomhursanacht thugadh na siopadóiraí mála plúr no tae nó siúcre no rud ar bith a bhí san teach daobhtha mar bhí siad an-fhiúntach le gach uile duine agus dá brigh sin bhí ag éirighe go h-an maith leó.
    Bhí go leór síbíní freisean thart ar an áit. Áit is eadh é a mbíod síad ag díol portair agus uisge beatha agus rudaí eile mar sin acht ní raibh aon licence aca chor ar bith agus dá bhfághadh na gárdaí amach é cuirfeadh síad iad i bpríosún agus bíodh na gardaí ar a náirdeall agus bíodh na daoine ar a náirdeall [ag?] freisean.
    Chuala mé m'athair ag rádh go raibh sibín in aice a baile fhéin agus go raibh síad ag díol uisge beatha agus portair. Ceannuigheadh síad é ins na bailte móra agus geibeadh siad saor é agus gnidís airgead as ag díol lé na comursanna mar bhíodh an "flú" amach an trath sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic O Neill
    Gender
    Male
    Address
    Ummeracly East, Co. Galway
    Informant
    Seán O Néill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Ummeracly East, Co. Galway