School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0006

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0006
  3. XML “Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oíche Shamhna 7.12.1937
    Tugtar Oíche Shamhna ar an oíche roimh an céad lá de mhí na Shamhna ins an gceanntar seo air tugtar Oíche Shamhna ar an gcéad oíche de mhí na Shamhna i n-áiteanna eile. Tá go leor nósanna ag baint leis an oíche sin.
    Bíonn cáca milis ar na daoine i gcómhair an tsuipéir agus bíonn fáinne ann. Bíonn gach duine ag fanamhaint agus féachaint chun an fáinne a fháighail. Gheibheann siad tubán uisge agus cuireann siad ubhla nó píosa airgid tsceach ann. Bíonn siad ag iarraidh na h-ubhla nó an t-airgead a thabhairc aníos as an tubán le na mbéal.
    Gheibheann siad trí ró-cupáin agus cuireann siad uisge i gceann aca, cré i gceann eile, agus fáinne i gceann eile. Annsin cuireann siad púncín ar duine eicínt agus má cuireann sé nó sí a lámh ar an ró-cupáin a bhfuil an uisge ann sé an duine is túnsge a théighead thar an bhfairrge. Má cuireann sé a lámh ins an gcré ann is é an duine is túisge a gheobha bás agus má cuireann sé a lámh ins an gceann leis an fhainne ann is é an duine is túisge a phósfas.
    Bíonn an aos óg ag caitheadh gabáiste ar an mbóthar san oidhche sin freisin ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán de Bláca
    Gender
    Male
    Address
    Liskeevy, Co. Galway
    Informant
    Máire de Bláca
    Gender
    Female
    Address
    Liskeevy, Co. Galway