School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0033

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0033

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0033
  3. XML “Tiarnaí Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a fuair na gaill greim ar an tír seo bhain síad an talamh de na tuataibh agus cuireadh tíghearnaí isteach i na n-aít. Se an tighearna a raibh an talamh aige ins an gceanntar seo Colonel Seymour. Bhí sé fhéin agus a mhac Walter ar na fearaibh ba mhó cáil agus clú í nGaillimh. Bhí Walter i n-a Secretary ins an Grand Jury i nGaillimh. Ó Shasana seadh a shiolruigh siad agus bhí a shliocht ortha. Bhí síad ag fághail an cíos ba mhó i gConnachta ar a gcuid talmhan agus bhí síad an-chruaidh amach 's amach. Bhí árus cómhnuighthe aca i n-aice léBéal-Átha-na-Sluaighe acht thagadh ceann aca go Baile an Mhuilinn i-na raibh oifig aige ann lé cíos na talmhan do bhailiú.
    Bhí tighearna talmhan eile i na chomhnuidhe i n-aice Dhúnmhór agus bhí cuid de daoine na h-áite seo mar tunóntaí aige. Handcock d'árbh ainm dó-san. Bhí daoine bochta i n-aice na háite seo nach raibh in ndon cíos na talmhan íoc agus nuair a thagadh na póilíní no na R.I.C. cun Seizure do dheanamh chuireadh na daoine ainm duine eile ar a gcuid stoc. Sin scéim a bhí aca lé na gcuid fhéin a choinneál.
    M'athair Tomás Ó Grádaigh d'innis
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Grádaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Tomás Ó Grádaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male