School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0132

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0132

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0132
  3. XML “Síbíní agus Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iomdha teach ósta atá i mbaile an Mhuilinn agus tá siad go léir ag obair go maith. Nuair a bhíos daoine ag ól deireann siad mar seo - "go mbeirimid beó ar an am seo arís", nó "bheirim do shláinte", - an freagra - "Sláinte maith agat." Seo sláinte eile. "Sláinte agus saoghal chugat, bean ar do mhían agat, talamh gan cíos agat ó'n mbliadhain seo amach".
    Agus fós seo ceann eile - "bliadhain ó indiu go rabhamar ag ól lé chéile."
    Gheobhfá pionnta biotáile an uair sin ar sgilling ach anois, sé trí sgilling déag a luach. Bhíodh siad ag déanamh poitín ar an gcaoithamhaltas an t-am sin agus tá tobar beag achar gearr ó mo theach fhéin a ghníthí poitín ann. Bhíodh still agus gach ghléas eile, ag na daoine a bhíodh dhá dhéanamh ag an tobar freisin ach níor gabhadh ariamh iad.
    Bhí go leór síbíní í n-Éirinn 'san tsean-aimsir agus bhí ceann ins an gCeathramhain i.e. baile beag taobh thoir de Bhaile an Mhuilinn. Séard é síbín - át a ndíoltaí ól ar an gcaoithamhaltas agus dá ngabhadh na pílers iad thiocfadh sé daor ortha. Níor sgéith aoinne ariamh ar an síbín atá í gceist, agus is iomdha oidhche breágh a chaitheadh na daoine ins an gcomhursanacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Gender
    Male
    Informant
    Máire Ní Coisdealbha
    Gender
    Female