Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0087

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0087

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0087
  3. XML “Cú Bán an tSléibhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    d'fhan sé trí blíadhna mar sin ag fíadhach agus ag sealgaireacht imeasg na sléibhthe i gcruth con sa ló agus 'chuile oidhche ar theacht abaile dhó thagadh a chruth féin ar ais air.
    I gceann na trí blíadhna sin chuaidh se amach lá amháin mar ba gnathach leis acht níor tháinig sé abhaile. Bhí a bean beagnach as a ceill i n-a dhíaidh. Cúartaigh agus thóruigh sí 'chuile ordlach de'n sliabh agus níor fhéad sí a fhághail amach beó nó marbh.
    "Rachaidh mé ar a thóir" ar sise léithe féin, "agus ní fhillfidh mé go bráth go bhfagaidh mé amach é".
    D'imthigh sí roimpi agus bhí sí ag imtheacht aríamh go dtáinig sí cómh fada lé teach maoir gur innis sí dó gur ar thóir Cú Bán an tSleíbhe a bhí sí.
    "Mise duine dhá chuid maoir" ar seisean "acht ní fhacamuid lé trí blíadhna é acht tá maor eile dhá chuid maor i bhfoisgeacht aistir lae uait agus b'fhéidir go mbeidheadh seisean i ndan a thúairisg a thabhairt".
    Thug an maor 'cuile shórt lé n-ithe agus lé n-ol di chómh maith is bhí aige agus leabaidh go maidin.
    "Anois" ar seisean ar maidin "seo siosúr duit a bhfuil buadh mor ann mar an culaith is súaraighe ar bith níl agat le déanamh acht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. O' Díscín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Micheál Halliday
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 30