Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0063
  3. XML “Scéal faoi Shionnach, Mada, Cat agus Easóg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is iomdha scéal atá ar bhéal na sean-daoine faoi clisteacht an mhadaidh. Tá saghas madradh ann a thiubhradh na ba isteach - ceann i ndiadh ceann agus is minic a chonnaic me iad dá dhéanamh. Chonnaic mé madadh a d'fhosglóchadh an doras nuair a bheadh an laiste nó an glas air. Is iomda uair freisin a sábháil madadh fear ó bheith marbh le tarbh nó bó nó aon rud eile. Seo scéal faoi madadh.
    Bhí fear agus bhean uair amháin agus chuaidh siad ar chuairt go dtí teach carad agus d'fhag siad na páistíbh agus cúpla duine eile i n-a ndiaidh i n-a gcodladh go sámh. Ní raibh siad i bhfad ag teach na carad go dtáinic an madadh agus é ag caoineadh agus ag tafann. Do chuir sé a dhá chois thart ar mhuinéal an fhir agus do dhírigh chun an dorais é.
    Thuig an fear agus an bhean annsin go raibh rud eicínt as bealach agus chuaigh said abhaile go deifreach. Nuair a tháinig siad go dtí sin céard a d'fheicfeadh siad ach an teach ag lasadh agus gan aoinne de'n mhuinntir a bhí istigh i n-a dhúiseacht. Ní raibh an tine i bhfad tosuighthe agus dá bhrígh sin bhí chuile rud sábhailte mar gheall ar chomh chríonna is a bhí an madadh sin.
    Seo scéal faoi easóg. Bhí bean ann uair amháin agus bhí sí ag ag iompódh fataí amuigh ins na páirceanna. fuair ní nead easóige istigh ann agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
        1. sionnaigh (~151)
    Innéacs seanscéalta
    AT0001: The Theft of Fish
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Coisdealbha
    Inscne
    Baineann