Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0010

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0010
  3. XML “Ainmneacha Áiteanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I mbaile a dtugtar Clais an Ghainimh a chomhnuigheann [ ] agus is iomdha áit ann a dtugrtr ainm aisteach a[ir].
    Ceathramha Réidh a tugtar ar a[n] mbaile atá taobh thuaidh dhe agus tá Páirc Ruadh agus Cill Ghaibhrín ar na taobhtha thiar agus theas.
    Tá páirc i n-aice le mo theach-sa agus Gort na Croise a tugtar air. Deir[tear] gur minic a chítí Cros ins an bpáirc sin fad[ó] agus chonnaic bean as Ceathramha Réidh í 'san mbliain 1912 no 1910.
    Bhí sí ag dul go tobar atá i ngort na Croise agus bhí lampa aici. Ar an bpoinnte céard a d'feicfeadh sí ach solus cosamhail lé cros í sgeich agus b'éigean dí an lampa a chur faoi n'a seál. Ní raibh fatchíos ar bith uirthi (ní chuireadh rud ar bith faitchíos uirthi) agus shiubal sí suas go dtí an sgeach leis an rud seo a sgrúdú.
    Bhí an cros cosamhail le Monstrance a bhíonns ag an sagart i mbeannuigheadh ['n] Sacraméid - gaithe soluis ar gach taobh de agus solus glórmhar thart uirthi. D'imthigh an cros as amha[rc] go mall, mall isteach ins an sgeachóig go ndeachaidh sí as amharc. Oidhche Domhnaigh a bhí ann freisin). Aon lá amháin ins an bpairc céadhna chonnaic mo shean-athar mór an rud ceadna agus í gléasta ó bun to bárr í gculaith geal. Í lár an lae gléigeal [m ]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Clais an Ghainimh, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Coisdealbha
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann