Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0086

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0086

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0086
  3. XML “Cú Bán an tSléibhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear uasal fadó a raibh tóir mhór aige a bheith fíadhach. Bhí talta gan cuimheas[?] aige agus leis an tóir a bhí aige bheith a fíadhach níor fhan sionnach na gearrfiadh na fíadh ina a chuid talmhan nár mharbhuigh sé. Bhí na caiple fíadhaigh is feárr sa tír aige agus coin ar fheabhas an domhain acht da fheabhas dá raibh a chuid caiple agus a chuid cúanna bfhearr an fiadhaigh é fhéin ná ceachtar aca.
    Sa deireadh nuair a chlis air áon fiadhach fhághail i n-a chuid talmhan mar bhí sé leo gur thanaidh sé as éadan íad. Chuaidh sé fhéin 's a bhean agus chuireadar fútha i mbothán sléibhe.
    Chuaidh a chlú amach air a fheabhas is bhí rith aige gur chualaidh cailleach lé draoidheacht é agus go dtáinig sí chuige. Ag iarraidh air a dul leithe a tháinig sí acht ní raibh áon mhaith dhí ann. Dá mhéid draoidheacht sá raibh aici ní raibh sí i ndan a sgaradh ón-a mhnaoi fhéin. D'imthigh sí agus cinthach[?] uirri agus d'fhair sí é go bhfaca sí ag fíadhach é agus é ar tús an conairte mar ba gnathach leis - agus dheamhan blas nar eirigh leithe draoidheacht a cur air go ndeárna sí cú bán seo ó'n lá sin amach. 'Cuile lá a racha[dh] sé amach ag fíadhach - agus bin 'chuile lá mar bhí sí nimhe-sa bhfiadhach aige. bheadh sé i n-a cú bán acht thagadh a chruth fhéin san oidhche air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. O' Díscín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Micheál Halliday
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 30