Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)éirighe lobhtha.
Dá mbeadh duine a mbheadh faithneacha air ag dul a bhealaigh agus dá gcasfuidhe cloch nó creig leis go raibh uisge i n-a luighe ar an barr agus a lámha do nigheadh san uisge do leighiseochthadh na faithneacha - acht ní bheadh aon mhaith dhó ann dá dtéigheadh sé amach dá thoirigheacht.
Deirtear go bhfuil leigheas ar na faithneachaibh freisin acht iad a nigheadh san uisge san gceardchain in-a bhfuaruigheann an gabha an t-iarann te.
Deirtear freisin go bhfuil luibh na mballa seang in-dan faithneacha do leigheas.
Dá mbeadh do chos ag déanamh braoin agus dá gcuirtheá boglas leis thairrneochadh sé an braon.
Is luibh an boglas a fhásas ar an móin.
Dá mbeadh teine Dhé ar dhuine sé an leigheas a bheadh chuige ná ainm a mháthar nó a shean-mháthar a sgríobhadh thart timcheall air agus leigheasochthaí é.
Dá mbeadh cnapán nó spota ar bith ar dhuine ó rugadh é sé an leigheas a bheadh air ná smugairle cealacain a chur air. Ba cheart trí smugairle a chaitheamh ar an talamh agus an mhéar fhada a chur ann agus í do chur ar an spota trí h-uaire ag déanamh Comhartha na(leanann ar an chéad leathanach eile)